Animal Farm
| (en) Animal Farm | |
|---|---|
| Fotheideal | A Fairy Story |
| Cineál | saothar liteartha |
| Cárta innéacs | |
| Údar | George Orwell |
| Teanga | Béarla |
| Foilseachán | Sasana, 1945 |
| Dáta a bunaíodh | 1945 |
| Formáid dáilte | clúdach crua agus clúdach bog |
| Tréith | |
| Príomhábhar | ollsmachtachas |
| Seánra | roman à clef, ficsean aorach, fabhalscéal agus ficsean diostóipeach |
| Carachtair | |
| Suíomh scéalaíochta | Sasana Manor Farm (en) |
| Gradam a fuarthas | |
| Gradam a fuarthas | Retro Hugo Award for Best Novella (en) Modern Library 100 Best Novels (en) Barr-100 Leabhar Ficsin Eolaíochta agus Fantaisíochta de chuid NPR Prometheus Award - Hall of Fame (en) |
| Eile | |
| Uimhir OCLC | 3655473 |
Nóibhille leis an scríbhneoir Sasanach George Orwell is ea Animal Farm, nó Feirm na nAinmhithe mar a thugtar air sa leagan Gaeilge. Aoir pholaitiúil atá ann faoi réabhlóid a dhéanann ainmhithe feirme in aghaidh a máistir, agus faoin gcaoi a n-iompaíonn an réabhlóid sin ina tíorántacht nua. "Scéal sí" (A Fairy Story) an fotheideal a chuir Orwell féin leis. Foilsíodh an leabhar ar 17 Lúnasa 1945, agus chuir Aindrias Ó Cathasaigh Gaeilge air sa bhliain 2021.[1][2]

Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Síscéal nó fabhalscéal atá ann ar an gcéad amharc.
Tá na hainmhithe ar 'Fheirm an Mhainéir' ag fulaingt le fada faoi thíorántacht an fheirmeora Uí Cheallaigh, fear atá tugtha don ól, fear neamhfhreagrach tíoránach amach is amach, agus tá siad bailithe ceart de. Tá súil acu le saol eile, an fheirm a bheith faoi cheannas na n-ainmhithe féin, saor ó smacht na ndaoine.[3]
Oíche amháin cruinníonn sean-torc na hainmhithe sa scioból chun aisling a insint dóibh, aisling ina bhfuil an domhan glanta de na daoine agus toradh a saothair ag na hainmhithe féin. Múineann sé amhrán na réabhlóide dóibh sula bhfaigheann sé bás.
Ní fada ina dhiaidh sin go n-éiríonn siad amach, go gcuireann siad an ruaig ar an gCeallach, agus go nglacann siad seilbh ar an bhfeirm. 'Feirm na nAinmhithe' a thugann siad ar an bhfiontar uaillmhianach anois, gach ainmhí ag treabhadh le chéile.
Scríobhann siad Seacht nAitheanta ar bhalla an sciobóil chun na prionsabail nua a dhaingniú. Nó sin an chosúlacht atá air, gach ainmhí comhionann agus ag obair le chéile, an fheirm anois faoi cheannas na n-ainmhithe féin. Tá siad saor ó smacht na ndaoine agus saor ó ansmacht faoi dheireadh.
Ach ní mar a shíltear a bhítear. Is iad na muca is túisce a fhoghlaimíonn léamh agus scríobh, agus is chucu a thiteann an ceannas. Titeann siad amach eatarthu féin, agus ruaigeann Napoleon an mhuc eile, Snowball, as an bhfeirm. As sin amach cuirtear na hainmhithe ag saothrú ar mhuileann gaoithe nach dtagann aon tairbhe astu féin as, cuirtear ainmhithe chun báis as coireanna a admhaíonn siad faoi bhagairt, agus athraítear na haitheanta ar an mballa ina gceann agus ina gceann. Nuair a thiteann an capall dílis Boxer i ndiaidh a shaoil oibre, díolann na muca leis an seamlas é. Creideann na beithígh go bhfuil siad i bparthas na n-ainmhithe. Ach an té atá thíos, buailtear cos air.
Cuireann cumhacht na muca ar bhóthar a n-aimhleasa. Ag deireadh an leabhair, tosaíonn siad ag siúl ar dhá chos, ag caitheamh éadaigh agus ag ól le feirmeoirí na comharsanachta, agus ní féidir leis na hainmhithe eile idirdhealú ar bith a dhéanamh idir muc agus duine. Athraítear an mana a scríobhadh ar an mballa i dtús na réabhlóide ó
Tá gach ainmhí cothrom
go
Tá gach ainmhí cothrom ach tá roinnt ainmhithe níos cothroime ná a chéile.[4]



Téamaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is aoir í Feirm na nAinmhithe ar an gCumannachas, ar an Stailíneachas go háirithe, agus ar an nós atá sa pholaitíocht géilleadh do ghnásanna an mhóraimh. Ach ní ar an Aontas Sóivéadach amháin a dhírítear inti. Is é an cheist lárnach atá sa leabhar ná cén fáth a mbriseann réabhlóidí a ngeallúint féin, agus cén chaoi a n-éiríonn le mionlach beag seilbh a fháil ar réabhlóid a rinneadh in ainm an tslua.[5]
Cúlra polaitiúil an údair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba shóisialaí é Orwell ar feadh a shaoil, ach thug an méid a chonaic sé i gCogadh Cathartha na Spáinne sa bhliain 1937 fuath don Stailíneachas dó. Throid sé le mílíste an POUM i gCatalóin, agus chonaic sé na Cumannaigh ag cur cos ar bolg ar a gcomhghuaillithe féin ar chlé, ag cumadh coireanna ina n-aghaidh agus á gcur chun báis. Ba as an taithí sin a d'fhás a chuid tuairimí faoin gcaoi a n-úsáidtear teanga na saoirse chun daoirse a chur i bhfeidhm.[5]
Scríobh sé an leabhar idir Samhain 1943 agus Feabhra 1944, tráth a raibh an tAontas Sóivéadach ina chomhghuaillí ag an mBreatain sa Dara Cogadh Domhanda. Ar an ábhar sin dhiúltaigh roinnt foilsitheoirí dó, ina measc Victor Gollancz, Jonathan Cape agus Faber & Faber, áit ar scríobh T. S. Eliot litir dhiúltaithe chuige. Ba é Secker & Warburg a d'fhoilsigh sa deireadh é i mí Lúnasa 1945, tar éis don chogadh a bheith thart.
Scríobh Orwell réamhrá dar teideal 'The Freedom of the Press' inar cháin sé an fhéinchinsireacht a bhí á cleachtadh ag lucht na foilsitheoireachta i Sasana; níor foilsíodh an réamhrá sin lena linn, agus ní bhfuarthas i gcló é go dtí na 1970idí. I réamhrá a scríobh sé don eagrán Úcráinise sa bhliain 1947 mhínigh sé gurbh é ba aidhm dó an miotas faoin Aontas Sóivéadach a scrios, ó nach bhféadfaí, dar leis, gluaiseacht shóisialach a athbheochan sa Bhreatain gan é sin a dhéanamh ar dtús.[5]
Aoir ar Réabhlóid na Rúise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá comhfhreagras sách dlúth idir imeachtaí an fhabhalscéil agus stair an Aontais Shóivéadaigh. Seasann an sean-torc a spreagann an réabhlóid do Karl Marx agus do Vladimir Lenin araon: fágann sé teagasc agus amhrán ina dhiaidh, ach faigheann sé bás sula gcuirtear an réabhlóid i gcrích, agus is ar a chuid focal a chuirtear na míniúcháin ar fad ina dhiaidh sin. Is é Napoleon Iósaf Stailín, agus is é Snowball Leon Trotsky: fear a bhí ar dhuine de cheannairí na réabhlóide, ach ar díbríodh as an tír é agus ar cuireadh gach mí-ádh dár tharla ina leith ina dhiaidh sin.[5]
Tá macallaí soiléire eile ann freisin. Is iad na Cúig Phlean Bliana atá i gceist le tógáil an mhuilinn gaoithe, obair a chuireann ualach ollmhór ar na hainmhithe agus a leagtar arís is arís eile. Is í póilíneacht rúnda an stáit atá sa chonairt mhadraí a thóg Napoleon as radharc na coitiantachta ó bhí siad ina gcoileáiníní. Is iad na trialacha poiblí a reáchtáil Stailín i Moscó sna 1930idí atá sna hadmhálacha aisteacha a dhéanann na hainmhithe sula ndéantar sléacht orthu. Agus ag deireadh an leabhair, nuair a shuíonn na muca chun boird leis na feirmeoirí a bhí ina naimhde acu, tá cur síos ann ar na cruinnithe a bhí ag Stailín leis na Comhghuaillithe le linn an chogaidh.[5]
Mar sin féin, níor theastaigh ó Orwell go léifí an scéal mar chód simplí. Is minic a mhaígh sé nár cheart an leabhar a léamh mar tháiblín stairiúil amháin, agus gur i dtaobh na réabhlóide mar phróiseas — agus ní i dtaobh na Rúise mar thír — is mó a bhí sé ag scríobh.
Truailliú na réabhlóide
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é croí an scéil an chaoi a n-éiríonn leis an dream a dhéanann an réabhlóid teacht chun bheith ar aon dul leis an dream a threascair siad. Ní bhaintear na haitheanta den bhalla; cuirtear focal beag amháin le gach ceann acu. Ní ceadmhach d'ainmhí ar bith biotáille a ól — ach ní ceadmhach barraíocht a ól. Ní ceadmhach d'ainmhí ar bith codladh i leaba — ach ní ceadmhach codladh i leaba faoi bhraillíní. Ní ceadmhach d'ainmhí ar bith ainmhí eile a mharú — ach ní ceadmhach é sin a dhéanamh gan cúis. Is de réir a chéile a tharlaíonn an t-athrú, agus is é an mhalltriall sin an rud is géire san aoir: níl aon phointe amháin ann ar féidir a rá gurbh ansin a briseadh an gheallúint.
Tosaíonn an próiseas le rud atá beag go leor: coinníonn na muca an bainne agus na húlla dóibh féin, mar go bhfuil, mar dhea, obair intinne le déanamh acu ar son an phobail. Ón nóiméad sin amach tá bunús na córa nua leagtha síos — go bhfuil cuid den phobal níos tábhachtaí ná an chuid eile — agus ní gá ach na focail a aimsiú chun é sin a chosaint.
An teanga mar uirlis chumhachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an muc Squealer an carachtar is tábhachtaí sa téama seo. Is é a chuireann míniú ar gach cinneadh, is é a bhréagnaíonn cuimhne na n-ainmhithe ar a raibh ann roimhe sin, agus is é a chruthaíonn go loighciúil gur ar mhaithe leis na hainmhithe féin gach a ndéantar orthu. Nuair a theipeann ar an argóint, tagann na caoirigh isteach lena mana simplí a bhá gach díospóireacht. Chonaic Orwell go raibh baint dhíreach idir teanga lofa agus polaitíocht lofa, téama a d'fhorbair sé san aiste 'Politics and the English Language' (1946) agus arís sa Nuachaint in Nineteen Eighty-Four (1949).[5]
Tá ceacht sa leabhar faoin mbolscaireacht nach bhfuil ag brath ar bhréaga móra amháin. Is minic gurb é an rud is éifeachtaí ná an fhírinne a chur i láthair ar bhealach a fhágann nach féidir ceist a chur uirthi: staitisticí a léamh amach os ard, comparáid a dhéanamh leis an drochshaol a bhí ann fadó, nó a mheabhrú do dhaoine gur measa fós an rud a thiocfadh dá dtiocfadh an namhaid ar ais.
Athscríobh na staire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téama gaolmhar is ea an dóigh a n-athraítear an t-am atá caite chun freastal ar riachtanais an lae inniu. Bhí Snowball ina laoch i gCath an Bhóithigh; deirtear ina dhiaidh sin gur ar thaobh an namhad a bhí sé i gcónaí. Bhí bia agus codladh níos measa ag na hainmhithe roimh an réabhlóid; deirtear leo go rialta go bhfuil gach rud níos fearr anois, cé gur beag duine acu atá in ann cuimhneamh siar i gceart. Ós rud é nach bhfuil ach beagán acu in ann léamh, níl foinse ar bith acu seachas an rud a insítear dóibh. Is é an t-asal Benjamin, an t-aon ainmhí atá in ann léamh chomh maith leis na muca, an t-aon duine a thuigeann a bhfuil ag tarlú — ach diúltaíonn sé cur isteach air, agus is é a dhearcadh doilíosach féin cuid den fhadhb.
Aineolas, oideachas agus an lucht oibre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ar an easpa oideachais atá cumhacht na muc bunaithe. Cuireann siad ranganna léitheoireachta ar bun i dtús ama, ach tuigtear go luath gur fearr dóibh gan iad a bheith rómhaith. Ní éiríonn le Boxer dul thar an gceathrú litir den aibítir. Is é Boxer an carachtar is truamhéalaí sa leabhar: capall láidir dílis a bhfuil dhá mhana aige — go n-oibreoidh sé níos crua, agus go mbíonn an ceart i gcónaí ag Napoleon. Is é a chuid oibre a thógann an muileann, agus is é an luach saothair a fhaigheann sé ná go ndíoltar chun an tseamlais é nuair nach bhfuil sé in ann tarraingt níos mó, agus go n-úsáidtear an t-airgead chun cás fuisce a cheannach do na muca.
Is é an léamh is coitianta ar Boxer ná go seasann sé don lucht oibre a d'iompair an réabhlóid ar a ndroim agus nár bhain aon sochar aisti. Ach tá ceist níos géire ná sin ann freisin: is é dílseacht Boxer, agus a dhiúltú ceist a chur, a chuireann ar chumas na muc leanúint ar aghaidh. Ní hé an t-olc amháin a chothaíonn an tíorántacht ach an mhaitheas gan mhachnamh chomh maith.
An reiligiún
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ionad ar leith ag an bhfiach dubh Moses sa scéal. Insíonn sé scéalta do na hainmhithe faoi thír aoibhinn thar na scamaill mar a mbeidh saol séanmhar acu tar éis a mbáis. Cuirtear an ruaig air i ndiaidh na réabhlóide, ach ligtear ar ais é níos déanaí nuair a fheiceann na muca gur fiú dóibh geallúint éigin a thabhairt do na hainmhithe in ionad an tsaoil níos fearr nár tháinig riamh. Is aoir shoiléir í seo ar an gcaidreamh idir an Eaglais Cheartchreidmheach agus stát na Rúise, ach is féidir í a léamh níos leithne mar thrácht ar an bhfeidhm shóisialta a bhíonn ag creideamh in aon chóras éagothrom.
An fabhalscéal mar fhoirm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Feirm na nAinmhithe ar cheann de na samplaí is cáiliúla den fhabhalscéal polaitiúil sa Bhéarla. Baineann Orwell leas as traidisiún atá chomh sean le hAesop agus le La Fontaine, agus atá le fáil freisin i saothar Jonathan Swift, scríbhneoir a raibh ardmheas ag Orwell air. Is é buntáiste na foirme ná go bhfágtar an léitheoir gan chosaint: ní féidir an argóint pholaitiúil a shéanadh mar go bhfuil sí curtha i láthair mar scéal simplí do pháistí, agus is beag focal teibí polaitíochta atá sa téacs ar chor ar bith.
Baineann an fhoirm buaic áirithe amach sa radharc deiridh. Ní gá d'Orwell a rá gur theip ar an réabhlóid; ní dhéanann sé ach cur síos ar aghaidheanna ainmhithe ag féachaint isteach trí fhuinneog, agus gan iad in ann a rá cé acu is muc agus cé acu is duine.
Léamh níos leithne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé gur ar an Aontas Sóivéadach a bunaíodh an aoir, is minic a áitítear nach bhfuil aon rud sa leabhar atá teoranta don chóras sin. Is féidir na patrúin chéanna a aithint in aon áit a n-éiríonn dream amháin as an bpobal ina n-eadránaithe ar an bhfírinne: an teanga á lúbadh, an stair á hathscríobh, an namhaid seachtrach á tharraingt anuas nuair a theastaíonn aontacht, agus na ceannairí ag maíomh nach bhfuil á dhéanamh acu ach an méid a d'iarr an pobal orthu (mar shampla an Dara téarma Donald Trump). Is é sin an fáth gur baineadh leas as an leabhar mar áis pholaitiúil ag dreamanna ar gach taobh, rud nach mbeadh Orwell féin róshásta leis i gcónaí.
Sa leagan Gaeilge de chuid Aindriais Uí Chathasaigh cuirtear scríbhinní le hOrwell féin faoi chúlra an leabhair i láthair mar aguisín, chomh maith le hiarfhocal ón aistritheoir a fhiosraíonn polaitíocht an scéil.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Aindrias Ó Cathasaigh a d’aistrigh (2021). "Feirm na nAinmhithe | Litríocht" (ga-IE). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-07. Dáta rochtana: 2022-08-07.
- ↑ Ciarán Dunbar (2021-06-12). "Fís-Léirmheas ‘Feirm na nAinmhithe’ le George Orwell, aistrithe ag Aindrias Ó Cathasaigh" (ga). Tuairisceoir an Dúin. Dáta rochtana: 2022-08-07.
- ↑ Máire Ní Fhinneadha (Lúnasa 2022). "Animal Farm as Gaeilge, fuinneamh Beyoncé, coicís fágtha ag Better Call Saul, My Life is Murder, agus siar go 1988 le Paper Girls" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-07.
- ↑ Noel P. Ó Murchadha (2012). "Idé-eolaíocht agus Daonteangeolaíocht na Gaeilge, lch 112". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-17. Dáta rochtana: 2022.
- 1 2 3 4 5 6 "Animal Farm" (en). Vicipéid an Bhéarla. Dáta rochtana: 2026-08-17.
- ↑ "Feirm na nAinmhithe – Leabhar mhí na Bealtaine 2022" (ga). ClubLeabhar.com (2022-06-13). Dáta rochtana: 2026-08-17.