Jump to content

An Gúm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Gúm
Image
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálfoilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1925
Bunaitheoir(í)Rialtais na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball dePublishing Ireland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinforasnagaeilge.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhlacht de chuid rialtas na hÉireann é An Gúm, atá ceaptha le leabhair as Gaeilge a fhoilsiú, go háirithe áiseanna oideachais. Is é an foilsitheoir leabhar Gaeilge is mó sa tír.

An leabhar is cáiliúla a d'fhoilsigh sé ná an Foclóir Póca, ar bhain, nó a mbaineann, beagnach gach dalta scoile in Éirinn úsáid as. Is iomaí foclóir eile a tháinig ón nGúm, áfach, ar nós foclóirí Néill Uí Dhónaill (Foclóir Gaeilge-Béarla) agus Thomáis de Bhaldraithe. Thairis sin, bíonn an Gúm ag foilsiú leaganacha nua de leabhair Ghaeilge na bhfichidí agus na dtríochaidí.

Image
Árda Wuthering, ceann de na haistriúcháin a rinneadh faoi "Scéim Aistriúcháin an Ghúim".

Bunaíodh sa bhliain 1926 é mar chuid de Roinn Oideachais na hÉireann. Ach anois is cuid d'Fhoras na Gaeilge é.

Is é is brí leis an bhfocal sin gúm ná "plean", "scéim", "cleas", nó "tionscadal". Focal é nach gcloisfeá i ngach Gaeltacht sa bhunchiall seo, ach nuair a bhí an teanga á labhairt i gContae an Chláir, ba chuid de chanúint an cheantair sin é. Focal nádúrtha é freisin i nGaeilge Bhaile an Chláir taobh thoir de Chathair na Gaillimhe.

Féach Freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]